Jump to content

Opisthocomus hoazin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoOpisthocomus hoazin Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Meánlíon in ál2 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse ghoir31 laethanta Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22684428 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeAves
OrdCuculiformes
FineOpisthocomidae
GéineasOpisthocomus
SpeiceasOpisthocomus hoazin Cuir in eagar ar Wikidata
(P.L.S. Müller, 1776)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airPhasianus hoazin Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is speiceas éan trópaiceach é an hoacin (Opisthocomus hoazin), [1], ar a dtugtar freisin hoatzin, chenchena (sa Llanos), pava serere (sa Bholaiv), shansho (i bPeiriú), guacharaca de agua (i Veiniséala) pava hedionda (sa Cholóim ),agus a fhaightear i seascainn, i bhforaoisí bruachánacha, agus i gcorcacha mangróbh na hAmasóine agus in abhantrach na hOranócó i Meiriceá Theas. Is é an t-aon speiceas é atá ar marthain sa ghéineas Opisthocomus, arb é an t-aon ghéineas atá ar marthain san fhine Opisthocomidae é faoin ord Opisthocomiformes. Tá seasamh tacsanomaíoch na fine seo faoi chaibidil go mór ag speisialtóirí, agus níl sé pioc soiléir.

Is díol suntais é sicíní a bheith acu a bhfuil crúba ar dhá cheann dá ndigití sciatháin..

Ag Lago Sandoval, Peiriú

Tá an hoacin ar mhéid an phiasúin, le fad iomlán de 65 cm, agus muineál fada agus ceann beag. Tá aghaidh ghorm gan chleití air agus súile marún, agus círín ina spící, ruadhonn ar a cheann. Tá a eireaball fada, dúliath umhaghlas-bhiorach le banna leathan scothbhán nó donnbhuí ag an deireadh. Tá na codanna uachtaracha buff dubh, dúliath-fhaobhrach ar chlúdaigh na sciathán, agus stríoca donnbhuí ar an mhainte agus bhaic. Tá an chuid íochtarach donnbhuí , agus tá an crissum (an réigiún mórthimpeall na hoscailte clóácacha faoi eireaball éin ), na cleite eitilte, clúdaigh fho-eite, agus maotháin saibhir ruadhonn-donnrua, ach tá sé seo le feiceáil go príomha nuair a osclaíonn sé a sciatháin.

Is éan callánach é, agus bíonn piachán ina ghlór, lena n-áirítear ochláin, grága, siosarnacha, agus gnúsachtacha. [2] Is minic a bhaineann na glaonna seo le gluaiseachtaí coirp, mar spréite sciatháin.

  1. "The Chambers Dictionary" (2003) (9th ed.). Chambers. ISBN 0-550-10105-5. 
  2. Thomas (1996). "Handbook of the Birds of the World. Volume 3, Hoatzins to Auks": 24–32. Barcelona: Lynx Edicions. ISBN 978-84-87334-20-7.