Jump to content

Priscianus Caesariensis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPriscianus Caesariensis

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 haois
Cherchell Cuir in eagar ar Wikidata
Bás6 haois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, fealsamh, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaImpireacht na Róimhe
Tréimhse oibre500 –  530
TeangachaAn Laidin
Saothar
Saothar suntasach

Ba ghramadóir Laidine é Priscianus Caesariensis, ar a dtugtar go minic Priscin. Scríobh sé an leabhar Institutiones grammaticae ("Bunús na gramadaí") ar an ábhar. Bhí an téacsleabhar seo ina chaighdeán chun staidéar a dhéanamh ar an Laidin le linn na Meánaoiseanna agus sholáthair sé an t-amhábhar le haghaidh an réimse staidéir “gramadach thuairimeach”.

Níl mórán eolais againn faoi shaol Phriscian. Ba de shliocht na Gréige é, agus rugadh agus tógadh é i Caesarea (Cherchell an lae inniu, an Ailgéir) príomhchathair an chúige Rómhánaigh Mauretania Caesariensis. Dar le Cassiodorus, mhúin sé Laidin i gCathair Chonstaintín. I measc a mhionoibreacha tá an dán molta (Sean-Ghréigis: πανήγυρις (panégyris)) chuig Anastasius (491-518), scríofa sa bhliain 512 (circa), a chuidíonn linn a thréimhse a fháil amach. Ina theannta sin, tá foscript sna lámhscríbhinní Institutiones grammaticae a thugann le fios gur chóipeáil Flavius Theodorus, a bhí ina chléireach san rúnaíocht impiriúil, an obair (526, 527).